Is líonra méadaitheach é Gréasán Digiteach na Gaeltachta de 30 mol nuálaíochta agus digiteacha atá le forbairt ag Údarás na Gaeltachta in áiteanna ar fud Ghaeltacht na hÉireann.
Tá na moil nuálaíochta agus digiteacha le bheith scaipthe feadh an chósta i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh chomh maith le Port Láirge agus an Mhí.
Tá oifig teanga agus chultúir rathúil agus bhríomhar á reáchtáil ag CFÁA i bhfoirgneamh na Seirbhísí Comhtháite i nGob a’ Chóire faoi láthair agus déanfaidh sé bainistíocht ar an mol nuálaíochta agus digiteach nua gteic@Acaill thar ceann Údarás na Gaeltachta.
Faoi láthair tá muid ag fanacht ar chinneadh ón Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, faoin bplean atá curtha ar aghaidh chucu.