
Pobal Ghaeilg’ Acla – Beo go Deo!
An Plean Teanga | Language Plan
Ár bPlean Teanga – Céard é?
Our Language Plan – What is it?
• Plean seacht mbliana chun líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú i gceantar Acla
A seven year plan to increase the number of Irish speakers in the Achill area
• Oifigeach Pleanála Teanga lánaimseartha fostaithe ag an gceanneagraíocht, Chomhlacht Forbartha Áítiúil Acla
A full time Language Planning Officer employed by the head organisation, Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla
• Coiste pleanála teanga le hionadaithe pobal – Language planning committee representing the community
An scéal go dtí seo | The story so far
Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012 – This plan has been prepared as part of the Gaeltacht language planning process and in accordance with the Gaeltacht Act, 2012.
Tar éis phróiseas fada comhairliúchán poiblí agus taighde, tá plean cuimsitheach curtha le chéile a thugann léargas ar stádas na Gaeilg’ sa cheantar chomh maith le buanna agus riachtanais paróiste na hAcla mar cheantar Gaeltachta – After a long process of public consultation and research, a comprehensive plan has been drawn up which gives an insight into the status of the Irish in the area as well as the needs and opportunities of the Achill parish as a Gaeltacht area
I 2019, tar éis roinnt cruinnithe poiblí, cuireadh coiste deonach le chéile de bhaill óna ceantair éagsúla agus ó réimsí éagsúla de shochaí Paróiste Acla – In 2019, after a number of public meetings, a voluntary committee was formed of members from the various areas of the Achill parish.
I mí Aibréan 2022, ceapadh Colm Mac Eachmharcaigh mar Oifigeach Pleanála Teanga agus thosaigh sé ag chuir I bfheidhm na beartanna atá sa plean teanga – In April 2022, Colm Mac Eachmharcaigh started working as the Language Planning Officer and began implementing the measures in the language plan.
Cén tabhacht a bhaineann leis an plean seo
Why is this plan important?
Tá an Ghaeilge a labhairt in Acaill leis na glúnta agus is cuid riachtanach d’ár n-oidhreacht é. Tá deis againn anois todhcaí na teanga mar teanga pobail sa cheantar a chinntiú
Irish has been spoken in Achill for generations and is an essential part of our heritage. We have an opportunity now to ensure it’s future as a community language in the area.
Buntaistí agus deiseanna móra soisialta, eacnamaíochta, oideachasúla, fostaíochta agus pobail ag baint le labhairt na nGaeilge agus stádas na Gaeltachta
Speaking Irish and Gaeltacht status brings significant social, economic, educational, employment and community benefits and opportunities.
Mo Ghaeilge a Úsáid
Using My Irish
Céard is féidir liom a dhéanamh
What can I do?

Úsáid do chuid Gaeilge gach lá, sa bhaile, ag an obair agus sa phobal
Use whatever Irish you have every day, at home, at work and in the community

Glac phairt in imeachtaí áitiúil Gaeilge
Get involved in local Irish language events

Bí bródúil as ár dteanga – labhair í agus mairfidh sí
Be proud of our language – speak it and it will thrive
Is leis an bpobal an Ghaeilge agus is leis an bpobal an plean teanga. Tá deis iontach againn borradh a chuir faoin nGaeilge mar theanga pobail agus todhcaí na teanga a chinntiú don chéad ghlúin eile. Tá rannphairtíocht agus tacaíocht an phobail riachtanch le go n-éireoidh linn aidhmeanna an phlean a bhaint amach.
The Irish language and the language plan belong to the community. We have a great opportunity to protect and grow an Ghaeilge as a community language for the next generation. Community support and participation are essential to achieve the aims of this plan.
Mar gheall ar an plean seo tá deiseanna foghlama agus imeachtaí soisialta trí Ghaeilge le gach leibéal Ghaeilge agus le gach h-aoisghrúpa. Coinnigh ar an eolas faoi na h-imeachtaí ar an suíomh seo agus ar na meáin soisialta nó déan teaghmháil leis an Oifigeach Pleanála Teanga.
Because of this plan there are learning opportunities and social activities through Irish happening for every level of Irish speaker and every age group. Stay informed about these activities through this site and our social media pages or contact the Language Planning Officer.
Céard atá ar siúl | What’s happening
Gaeilg’ Acla – The Irish of Achill
Bunaithe ar léacht a thug Tomás Mac Sheáin i dTeach Ted i 2001
An chéad rud is féidir a rá go dearfa faoi Ghaeilg’ Acla, ná gur canúint inti féin í, canúint atá ina mheascán do ghaeilge Chonnachta agus Gaeilge Uladh. Sa mheascán seo is láidre i bhfad an fhoirm Ultach ó thaobh fuaimniú, gramadaí agus múnlaí cainte . Go deimhin deir saineolaithe agus scoláire Gaeilge, Wagner ina measc gur Ghaeilge Thír Chonaill atá inti dáiríre , go dtáining claochchló uirthi i ngeall thioncar na Gaeilge a bhí dhá labhairt sa chuid eile de Mhuigheo i dtuaisceart Chonnachta.
The first thing that can be said for sure about Gaeilg’ Acla is that it is a dialect in itself, a dialect that is a mixture of Connacht Irish and Ulster Irish. In this mixture the Ultach form is much stronger in terms of pronunciation, grammar and speech patterns. In fact, experts and scholars of Irish, Wagner among them, say that it is really the Irish language of Tír Conaill, that it was transformed due to the influence of the Irish language that was spoken in the rest of Muigheo in the north of Connacht.
Ní mór dúinn dul siar sa stair go dtí lár an 17ú aois leis an ábhar a thuigbhéail. De réir na gCeithre Máistrí tháinig Conallach darbh ainm Ruairí Ó Domhnaill agus slua mór dhá mhuintir féin aduaidh agus lonnaigh siad i mBaile Cruaigh ar dtús agus ina dhaidh sin tháinig siad isteach go hAcaill. Chomh maith le sin caithfidh muid smaoineamh ar an tionchar a bhí ag Plandáil Chromaill ó 1652- 1657, an méid duine a dísealbhaíodh ag an am agus a thainig go hAcaill. Scríobhann staraí eile Knight in 1836 “ This colony of Ulsterman at whatever time they settled in this county still retain the ancient dialect of language used in the North”
We have to go back in history to the middle of the 17th century to understand this matter fully. According to the Four Masters, a Connallach named Ruairí Ó Domhnaill and a large crowd of his own people came north and settled in Ballycruagh first before coming into Acaill. Also, we have to think about the impact of the Cromwell Plantation from 1652-1657 when a large number of people were displaced in Ulster and came to Achill. Another historian, Knight, writes in 1836 “This colony of Ulsterman at whatever time they settled in this county still retain the ancient dialect of language used in the North”
Ní gá ach staidéar a dhéanamh ar cuid de na sloinnte is coitianta in Acaill : Ó Duibhir –Dever ; Mac Eamharcaigh-Cafferkey , Mac an Ultaigh-McNulty, Mac Suibhne–Sweeney, Gallchobhair-Gallagher: Ó Domhnaill-O’ Donnell , is de bhunadh Thír Conaill formhór acu.
It is only necessary to study some of the most common surnames in Acaill: Ó Duibhir – Dever; Mac Eamharcaigh-Cafferkey, Mac Ultaigh-McNulty, Mac Suibhne-Sweeney, Gallchobhair-Gallagher: Ó Domhnaill-O’ Donnell, to learn that most of them are of Tír Conaill origin.
I rith an 19ú haois tá fianise ann, go raibh dhá chánúint á labhairt sa cheantar. Nuair a bhí An tSuirbhéireacht Ordanáis ar siúl in Acaill in 1824 thug gníomhairí a bhí ag obair thar ceann na Suirbhéireachta Ordanáis go raibh sé an coitianta dhá ainm a bheith ar an áit céanna.
During the 19th century there is evidence that two dialects were spoken in the Achill area. When the ordnance survey was conducted in Achill in 1824, surveyors reported that it was common to have two names in the same place.
Ceann de na mianta a léirigh Pobal Acla sna suirbhéanna pobail , a bhí mar mhír lárnach sa phróiséas Pleanála Teanga ná go gcaomhnófar agus go ndéanfar sealbhú ar chanúint Acla . Chuige sin beidh an Coiste Pleanala Teanga agus Coiste Scoil Acla ag comhoibriú ar ghníomhartha agus ar bheartanna chun an mian sin a chur chun cinn.
One of the wishes expressed by the people of Achill in the community surveys, which were a central part of the language planning process, was that the Achill dialect be preserved and acquired. To that end, Coiste Plean Teanga Acla and the Scoil Acla Committee will collaborate on measures which forward this goal.
Tréithe a bhaineann le Gaeilg Acla – Characteristics of Gaeilg Acla
1 Gaeilg’ in ionad Gaeilge
2 Tháinic in ionad Tháinig
3 Acú in ionad acu
4 Chomh maith in ionad Freisin.
5 Ar an bhóthar in ionad ar an mbóthar.
6 Faoileóg in ionad Faoileán