
Pobal Ghaeilg’ Acla – Beo go Deo!
Plean Teanga 2019-2026
Tús maith, leath na hoibre!
Tar éis roinnt cruinnithe poiblí, cuireadh coiste deonach le chéile de bhaill óna ceantair éagsúla agus ó réimsí éagsúla de shochaí Paróiste Acla.
Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012.
Tar éis phróiseas fada comhairliúchán poiblí agus taighde, tá plean cuimsitheach curtha le chéile a thugann léargas ar stádas na Gaeilg’ sa cheantar chomh maith le buanna agus riachtanais an Pharóiste mar cheantar Gaeltachta.
Faoi láthair tá muid ag fanacht ar chinneadh ón Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, faoin bplean atá curtha ar aghaidh chucu.
Events this Week!
Use more Irish in your
Daily Life
Check out these great resources!

Latest news
About Gaeilg’ Acla – the dialect
An chéad rud is féidir a rá go dearfa faoi Ghaeilg’ Acla, ná gur canúint inti féin í, canúint atá ina mheascán do ghaeilge Chonnachta agus Gaeilge Uladh. Sa mheascán seo is láidre i bhfad an fhoirm Ultach ó thaobh fuaimniú, gramadaí agus múnlaí cainte . Go deimhin deir saineolaithe agus scoláire Gaeilge, Wagner ina measc gur Ghaeilge Thír Chonaill atá inti dáiríre , go dtáining claochchló uirthi i ngeall thioncar na Gaeilge a bhí dhá labhairt sa chuid eile de Mhuigheo i dtuaisceart Chonnachta.
Ní mór dúinn dul siar sa stair go dtí lár an 17ú aois leis an ábhar a thuigbhéail. De réir na gCeithre Máistrí tháinig Conallach darbh ainm Ruairí Ó Domhnaill agus slua mór dhá mhuintir féin aduaidh agus lonnaigh siad i mBaile Cruaigh ar dtús agus ina dhaidh sin tháinig siad isteach go hAcaill. Chomh maith le sin caithfidh muid smaoineamh ar an tionchar a bhí ag Plandáil Chromaill ó 1652- 1657, an méid duine a dísealbhaíodh ag an am agus a thainig go hAcaill. Scríobhann staraí eile Knight in 1836 “ This colony of Ulsterman at whatever time they settled in this county still retain the ancient dialect of language used in the North”
Ní gá ach staidéar a dhéanamh ar cuid de na sloinnte is coitianta in Acaill : Ó Baoighill – Boyle, Mac Cathmhaoil – Campbell , Ó Duibhir –Dever ; Mac Eamharcaigh-Cafferkey , Mac an Ultaigh-McNulty, Mac Suibhne–Sweeney, Gallchobhair-Gallagher: Ó Domhnaill-O’ Donnell , is de bhunadh Thír Conaill formhór acu.
I rith an 19ú haois tá fianise ann, go raibh dhá chánúint á labhairt sa cheantar. Nuair a bhí An tSuirbhéireacht Ordanáis ar siúl in Acaill in 1824 thug gníomhairí a bhí ag obair thar ceann na Suirbhéireachta Ordanáis go raibh sé an coitianta dhá ainm a bheith ar an áit céanna. Ceann de na mianta a léirigh Pobal Acla sna suirbhéanna pobail , a bhí mar mhír lárnach sa phróiséas Pleanála Teanga ná go gcaomhnófar agus go ndéanfar sealbhú ar chanúint Acla . Chuige sin beidh an Coiste Pleanala Teanga agus Coiste Scoil Acla ag comhoibriú ar ghníomhartha agus ar bheartanna chun an mian sin a chur chun cinn.
Tréithe a bhaineann le Gaeilg’ Acla:
1 Gaeilg’ in ionad Gaeilge
2 Tháinic in ionad Tháinig
3 Acú in ionad acu
4 Chomh maith in ionad Freisin.
5 Ar an bhóthar in ionad ar an mbóthar.
6 Faoileóg in ionad Faoileán
Bunaithe ar léacht a thug Tomás Mac Sheáin i dTeach Ted i 2001.
Photo Gallery
View photos from our latest events!
Lean Orainn ar Facebook!