Tús maith, leath na hoibre!
Tar éis roinnt cruinnithe poiblí, cuireadh coiste deonach le chéile ó cheantair éagsúla agus ó réimsí éagsúla de shochaí Paróiste Acla.
Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012.
Tar éis próiseas fada comhairliúchán poiblí agus taighde, tá plean cuimsitheach curtha le chéile a thugann léargas ar stádas na Gaeilge sa cheantar chomh maith le buanna agus riachtanais an Pharóiste mar cheantair Ghaeltachta.
Faoi láthair tá muid ag fanacht ar chinneadh ón Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, faoin bplean atá curtha ar aghaidh chucu.